Gearrscéalaí agus drámadóir mórchlú de chuid na Rúise ba ea Anton Pavlovich Chekhov (29 Eanáir1860 – 15 Iúil1904) agus duine de na gearrscéalaithe is mó i stair na litríochta. Chuaigh Chekhov i mbun scríbhneoireachta chun brabús a dhéanamh as i dtús báire. Ach de réir mar a tháinig feabhas ar a chuid scileanna scríbhneoireachta, ba mhór an tionchar a bhí ar a chuid teicnicí ar fhoirm an ghearrscéil nua-aimseartha.thumb|Clúdach, "Na Triúr Deirfiúracha" ("Три сестры"), 1901|clé|326x326pxBhí Chekhov ina dhochtúir leighis freisin - dúirt sé gurbh é an leigheas "a bhean chéile" agus gurbh í an litríocht a "leannán".
Curtha ar fáil ag Wikipedia