August Strindberg
Áirítear Johan August Strindberg ar scríbhneoirí móra na Sualainne. Rugadh ar an 22 Eanáir 1849 i Stócólm é, agus shíothlaigh sé san áit chéanna ar an 14 Bealtaine 1912. Scríobhadh sé drámaí, gearrscéalta, úrscéalta agus prós dírbheathaisI rith dhá scór bliain bhí Strindberg ina lárphointe a raibh saol liteartha na Sualainne ag casadh ina thimpeall. Bhíodh sé ina chnámh spairne go minic, agus a lán caismirtí pearsanta ag imeacht idir é agus scríbhneoirí eile a linne. Cé go staonadh sé ón scríbhneoireacht ó am go ham, bhí sé iontach bisiúil, agus d'fhág sé a bhlas féin ar an tSualainnis. Curtha ar fáil ag Wikipedia
1