Enid Blyton

Scríbhneoir úrscéalta do pháistí ó Shasana a bhí in Enid Mary Blyton, a rugadh ar an 11 Lúnasa 1897 i Londain agus a fuair bás ar an 28 Samhain 1968 sa chathair chéanna. Tá clú agus cáil ar a cuid scéalta ar fud an domhain, agus iad aistrithe gona lán teangacha.

I Sasana féin, is dócha gurb iad na scéalta faoi Noddy is mó a léitear inniu - scéalta do pháistí óga iad. Thairis sin, áfach, bhreac sí síos trí shraith úrscéalta bleachtaireachta faoi dhéagóirí óga: an "Mórsheisear Rúnda" nó ''The Secret Seven'', an "Cúigear Clúiteach" nó ''The Famous Five'', agus an "Cúigear Aimsitheoirí agus a Madra", nó ''The Five Find-Outers and a Dog''. Curtha ar fáil ag Wikipedia
1
le Enid Blyton
Foilsithe 1998
Leabhar