Harper Lee
Scríbhneoir Meiriceánach í Harper Lee (fíorainm: ''Nelle Harper Lee'') a rugadh i Monroeville, Alabama ar an 28 Aibreán 1926. Bhásaigh sí ar an 19 Feabhra 2016.Ní raibh ach aon leabhar amháin foilsithe aici, is é sin, an t-úrscéal ''To Kill a Mockingbird'', a thabhaigh Duais Pulitzer di sa bhliain 1961. Ciníochas i nDeisceart na Stát Aontaithe is ábhar don scéal.
Chuidigh Lee lena seanchara Truman Capote agus é ag bailiú eolais le haghaidh a úrscéil fhíricbhunaithe ''In Cold Blood''. Curtha ar fáil ag Wikipedia
1