Raymond Chandler

Scríbhneoir scéalta bleachtaireachta agus scriptscríbhneoir scannán a bhí i Raymond Thornton Chandler, a rugadh i Chicago ar an 23 Iúil 1888 agus a fuair bás i San Diego ar an 26 Márta 1959. Bhí an-tionchar ag a stíl "chruabhruite", mar a deirtear, ar na scéalta bleachtaireachta, ar an gcineál daoine a bhíonn le feiceáil iontu agus ar an gcineál stíle a chleachtar iontu inniu. Is é príomhlaoch a chuid scéalta, Philip Marlowe, ionchollú an "bhleachtaire phríobháidigh" mar a shamhlaítear dúinn inniu é. Curtha ar fáil ag Wikipedia
1
le Chandler, Raymond
Foilsithe 2023
Leabhar